An mhí seo, táimid ag cur an spotsholas ar fuirseoirí #GaelTok, a bhfuil greim acu ar TikTok faoi láthair! Déanann na cruthaitheoirí cumasacha seo ceiliúradh ar chultúr na hÉireann, an teanga, agus an saol laethúil ar bhealach atá spraíúil agus sothuigthe. Cibé ag magadh faoi chúrsaí coitianta nó ag meascadh na Gaeilge go cruthaitheach le treochtaí nua-aimseartha, tá siad ag tabhairt casadh úr greannmhar dár dteanga dhúchais. Níl Eoin P Ó Murchú ach duine amháin de na cruthaitheoirí seo a léiríonn a sceitseanna gléineacha agus a thuairimí spraíúla ar steiréitíopaí Éireannacha a árd-scileanna greannmhara agus scéalaíochta.

This month, we are spotlighting #GaelTok comedians who are taking TikTok by stoirm! These talented creators celebrate Irish culture, language, and everyday life in a way that’s fun and relatable. Whether poking fun at familiar situations or creatively blending Irish with modern trends, they’re bringing a fresh, comedic twist to our native language. Eoin P Ó Murchú is just one of these creators whose witty sketches and playful takes on Irish stereotypes showcase his unique humour and storytelling skills.

C: Cad a spreag thú ar dtús chun físeáin a chruthú as Gaeilge ar TikTok?
Q: What first inspired you to create videos as Gaeilge on TikTok?
F: Ní rogha chomhfhiosach é físeáin a dhéanamh i nGaeilge. Tá mo shaol beagnach go hiomlán trí Ghaeilge agus mar sin tháinig sé go nádúrtha. Is dócha gurbh fhéidir a fhiafraí cén fáth ar mhaith liom TikToks a dhéanamh ar chor ar bith? Sílim go sásaíonn sé cineál míthog cruthaitheach atá agam agus is bealach iontach é chun ceangal le cainteoirí Gaeilge ar fud na tíre (agus an domhain)!
A: It wasn’t really a conscious choice to make videos in Irish. I live my life almost entirely through Irish so that came naturally. I suppose the question might be why did I want to make TikToks at all? I think it scratches some creative itch I have and it’s a great way to connect to Irish-speakers across the country (and world)!

@murchadhmor Is cainteoir aonteangach Gaeilge í Cúna. @ronanodalaigh ♬ original sound - Eoin P. Ó Murchú 🇵🇸

C: Cad é an chuid is fearr faoi bheith i do fuirseoir Gaeilge ar TikTok?
Q: What’s the best part about being an Irish-language comedian on TikTok?
F: Is greannmhar é nuair a aithníonn daoine thú. Bhí mé ag imirt cluiche CLG le déanaí do Na Gaeil Óga [@nagaeilogaclg] agus leag leath-tosach an fhreasúra mé (le taicil dhéanach, cuirim leis). Ansin dúirt sé 'Tá brón orm, I actually think I follow you!' Ghabh mé buíochas leis as mé a leanúint agus chuir mé in iúl dó nach raibh cead aige mé a ghreamú arís nó go gcuirfinn bac air (ar líne chomh maith leis an bpáirc).
A: It's funny when people recognise you. I was playing a GAA match recently for Na Gaeil Óga [@nagaeilogaclg] and the opposition’s halfback knocked me over (with a late tackle I might add). He then said ‘Tá brón orm, I actually think I follow you!’ I thanked him for the follow and let him know that he wasn’t allowed to tackle me again or I’d block him (online as well as on the pitch).

C: Cén físeán TikTok a rinne tú i nGaeilge is mó a sheasann amach mar an ceann is fearr leat, agus cén fáth?
Q: Which TikTok video you’ve made in Irish stands out as your favourite, and why?
F: Uaireanta is físeán caiteach é a bhaineann daoine an-taitneamh as. Is maith liom freisin a bheith ag súgradh le blas cainte agus tá ceann ann ina ligim orm gur as Sasana mé agus ansin léimeann mé ó Ghaeilge le blas Béarla go (tá súil agam) Gaeilge bhlasta Chonamara. Is cosúil gur thaitin an ceann sin le daoine. Go deimhin, bhí cara agam ina chónaí i gcóiríocht le Bean an Tí i gConamara agus sheol sí chucu é! Má tá mná tí Chonamara ag seoladh mo chuid físeán timpeall tá rud éigin ceart á dhéanamh agam (nó rud éigin an-mhícheart ar ndóigh).
A: Sometimes it’s a throwaway video that people really enjoy. I also like playing around with accents and there is one where I pretend to be from England and then jumps from English-accented Irish to (hopefully) Gaeilge bhlasta Chonamara. People seemed to like that one. In fact, I had a friend living in accommodation with a Bean an Tí in Conamara and she sent it to them! If mná tí Chonamara are sending my videos around I’m doing something right (or equally possibly something very wrong).


C: Cé hiad na Gaeilgeoirí is fearr leat a leanúint ar TikTok?
Q: Who are your favourite Gaeilgoirs to follow on TikTok?
F: Mholfainn go mór na GaelTokers seo a leanas, chomh maith leis na cruthaitheoirí nua atá ag teacht chun cinn gach lá freisin! A: I really recommend the following GaelTokers: @cuan.deburca, @miseciara, @maire_na_greine, @laurajpakenham, @annanicgafraidh, @kerrycowboy Is iontach é freisin cuntais mhóra mar [@laurenwhelxn] agus [@pintofplane] a fheiceáil ag déanamh físeáin i nGaeilge chomh maith. It's brilliant seeing big accounts like [@laurenwhelxn] and [@pintofplane] do videos in Irish as well.

C: Cén ról atá a ghreann leis an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana?
Q: What role does comedy play in making the Irish language more accessible?
F: Tá mo chuid físeán dírithe go príomha orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu cheana féin, agus cuirim fotheidil i nGaeilge leo de ghnáth. Sílim go meallann greann daoine nach bhfuil an oiread Gaeilge acu. Nuair a roinnim físeáin de mo chuid gig le GaelGÁIRÍ [oíche fhuirseoireachta Ghaeilge a bhunaigh Eoin], sílim go bhfeiceann daoine an lucht féachana ag gáire agus go spreagann sé sin iad chun na grinn a thuiscint!
A: My videos are mainly directed towards those who have Irish already, and I generally add subtitles in Irish. I think humour draws in people who might not have as much Irish. When I share videos of some of my gigs with GaelGÁIRÍ [an Irish language comedy night founded by Eoin], I think people see the audience laughing which makes them want to understand the jokes!

C: Cén chomhairle a thabharfá do dhuine ar mhaith leis tús a chur le hábhar a chruthú as Gaeilge ach nach bhfuil muiníneach go hiomlán sa teanga fós?
Q: What advice would you give to someone who wants to start making content as Gaeilge but isn’t fully confident in the language yet?
A: Ná habair é, déan é! Just do it!

C: Cén nath Gaeilge nó jóc a cheapann tú gur chóir do níos mó daoine a bheith ar eolas faoi?
Q: What’s one Irish phrase or joke you think more people should know?
F: Seo ceann maith: 'Cé mhéad duine a bhíonn i mbriogáid dóiteáin? Naonúr naonúr naonúr naonúr..'
Nath ba chóir do níos mó daoine a bheith ar eolas faoi ná 'Fiathraigh de mo thóin i gcogar cé mhéad ráithe ó Shamhain go Nollaig' rud a déarfá le duine atá rófhiosrach.
A: This is a great one:‘Cé mhéad duine a bhíonn i mbriogáid dóiteáin? Naonúr naonúr naonúr naonúr...' A phrase more people should know is ‘Fiathraigh de mo thóin i gcogar cé mhéad ráithe ó Shamhain go Nollaig’ which is something you would say to someone who is overly inquisitive.