An mhí seo, táimid ag cur an spotsholas ar fuirseoirí #GaelTok, a bhfuil greim acu ar TikTok faoi láthair! Déanann na cruthaitheoirí cumasacha seo ceiliúradh ar chultúr na hÉireann, an teanga, agus an saol laethúil ar bhealach atá spraíúil agus sothuigthe. Cibé ag magadh faoi chúrsaí coitianta nó ag meascadh na Gaeilge go cruthaitheach le treochtaí nua-aimseartha, tá siad ag tabhairt casadh úr greannmhar dár dteanga dhúchais. Níl Louisa Ní Eideáin ach duine amháin de na cruthaitheoirí seo a thóg a paisean don taibhléiriú beo agus don amharclannaíocht as Gaeilge agus a d'athraigh é go hábhar TikTok greannmhar agus mealltach.
This month, we are spotlighting #GaelTok comedians who are taking TikTok by stoirm! These talented creators celebrate Irish culture, language, and everyday life in a way that’s fun and relatable. Whether poking fun at familiar situations or creatively blending Irish with modern trends, they’re bringing a fresh, comedic twist to our native language. Louisa Ní Eideáin (@lounieid)is just one of these creators who has taken her passion for live performance and theatre as Gaeilge and transformed it into hilarious and engaging TikTok content.

C: Cad a spreag thú ar dtús chun físeáin a chruthú as Gaeilge ar TikTok?
Q: What first inspired you to create videos as Gaeilge on TikTok?
F: Déanaim taibhléiriú agus scríobhaim seónna stand-up agus amharclainne as Gaeilge, mar sin ba chosúil gur chóir dom a bheith ag cruthú ar líne freisin. Fuair mé spreagadh ó dhaoine eile a bhí á dhéanamh, agus an taitneamh a bhain mé as a bheith in ann gáire a dhéanamh agus siamsaíocht a fháil as Gaeilge. Mar sin shocraigh mé, go mba chóir dom éirí as an moilleadóireacht agus cinn a dhéanamh mé féin!
A: I perform and write stand-up and theatre shows as Gaeilge, so it seemed like I should be creating online too. I was inspired by others who were doing it, and how much I enjoyed being able to laugh and be entertained as Gaeilge. So I decided, I should stop procrastinating and do some myself!

@lounieid Bhi an ceart ag Craig David: seachtain= seacht lá. Seachas Seachtain na Gaeilge ☘️☘️☘️ Craig David was right: a week gas seven days, unless its Seachtain na Gaeilge #ireland #snag24 #gaeilge #stpatricksday #funny @Snagaeilge @Coiste Na BhFocal Nu @Conradh na Gaeilge ♬ original sound - Louisa Ni Eideáin

C: Cad é an chuid is fearr faoi bheith i do fuirseoir Gaeilge ar TikTok?
Q: What’s the best part about being an Irish-language comedian on TikTok?
F: Is é an chuid is fearr ná a fheiceáil conas a théann daoine i ngleic leis an ábhar, ní hamháin an teanga í fhéin sé. Ní nuagín í an Ghaeilge, is teanga bheo álainn í ar féidir le daoine dul i ngleic léi díreach mar aon teanga eile.
A: The best part is seeing how people engage with the content, not just the language that it’s in. Gaeilge isn’t a novelty, it is a beautiful, living language that people can engage with just like any other.

@lounieid Oíche Eolais & Gnímh do Ghaelcholáiste 2468 Info & Action Night for the Gaelcholáiste. 6 gaelscoileanna sa chenatar agus gan gaelcholaiste ar fail #gaeilge #dublin ♬ Flowery Resale - DJ BAI

C: Cén físeán TikTok a rinne tú i nGaeilge is mó a sheasann amach mar an ceann is fearr leat, agus cén fáth?
Q: Which TikTok video you’ve made in Irish stands out as your favourite, and why?
F: Is iad na giotaí ó ghigeanna stand-up na físeán is fearr liom. Tá súil agam go go mbíonn daoine ag gáire ach freisin go bhfeiceann agus go gcloiseann siad cé mhéad duine a bhí ag an ngig, ag gáire, ag trasnáil, ag glacadh páirte. Léiríonn sé an pobal ar líne agus go bhfuil pobal bríomhar imeachtaí ann ar féidir le daoine a bheith páirteach ann.
A: I like the clips from stand-up gigs the most. Hopefully, people laugh but also see and hear how many people were at the gig, laughing, heckling, participating. It shows the community online and that there is a vibrant community of events that people can join in with.

C: Cé hiad na Gaeilgeoirí is fearr leat a leanúint ar TikTok?
Q: Who are your favourite Gaeilgoirs to follow on TikTok?
F: Úú tá an oiread sin ann! Cúpla cinn is fearr liom ná:
A: Ooh there are so many! A few favourites have to be: @nibmoss@murchadhmor@miseciara@cuan.deburca@laurajpackenham

C: Cén ról atá a ghreann leis an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana?
Q: What role does comedy play in making the Irish language more accessible?
F: Is bealach iontach é greann, ar líne agus i bhfíorshaol, chun dul i ngleic leis an nGaeilge. Má thagann tú chuig gig greann, níl ort labhairt. Tá súil agam go ndéanann tú gáire, ach seachas sin is bealach íseal-riosca é chun dul i ngleic leis an teanga.
A: Comedy, both online and in real-life, is a great way to engage with Gaeilge. If you come to a comedy gig, you don’t have to speak. Hopefully you laugh, but otherwise it’s a very low-risk way to engage with the language.

@lounieid Its just one woman vs a pot////bean amháin i gcoinne pota #joke #gaeilge #gaeilgeoir #gaeilgetiktok ♬ Funk Rave - Don´t Let Me Down 140 Bpm - kirtap

C: Conas a théann do lucht leanúna i ngleic le d'ábhar as Gaeilge?
Q: How do your followers engage with your content as Gaeilge?
F: Is é an rud is mó a thaitníonn liom ná nuair a bhíonn daoine sna tráchtanna as Gaeilge (fiú mura bhfuil sé taitneamhach) - léiríonn sé go bhfuil an teanga beo!
A: What I love the most is when people are in the comments as Gaeilge (even if it’s not complimentary) - it shows that the language is alive!

C: Cén chomhairle a thabharfá do dhuine ar mhaith leis tús a chur le hábhar a chruthú as Gaeilge ach nach bhfuil muiníneach go hiomlán sa teanga fós?
Q: What advice would you give to someone who wants to start making content as Gaeilge but isn’t fully confident in the language yet?
F: Déan é! Choinníos siar ar feadh i bhfad é mar bhí imní orm faoi bhotúin a dhéanamh agus déanaim botúin cinnte. Ach má fhanann tú go dtí go bhfuil rudaí foirfe, ní dhéanfaidh tú riamh é. Ní bhíonn muid ag cháineadh daoine i dteagacha eile muna bhfuil siad ag an chaighdeán céanna, mar sin díreach bain triail as. Ach sin ráite, domsa, tá sé tábhachtach feabhas leanúnach a chur ar mo ghramadach!
A: Do it! I held off on doing it for so long as I was worried about making mistakes and I certainly do make them. But if you hold off until things are perfect, you’ll never do it. We don’t hold people to that same bar in other languages so just try. That said, for me, it is important to continually improve on my grammar etc, or correct bad habits I’ve picked up. It’s not enough to stop me doing it though!

C: Cén nath Gaeilge nó jóc a cheapann tú gur chóir do níos mó daoine a bheith ar eolas faoi?
Q: What’s one Irish phrase or joke you think more people should know?
F: Is dócha gurb é an nath a deirim is mó ná 'Cad atá ar siúl agat?' a chiallaíonn 'What are you doing?'. Úsáidim go laethiúl é le mo pháistí agus le tónacha éagsúla is féidir leis gach cineál tuismeoireachta a chuimsiú, ó séimh go cuir ort do bhróga - as do mheabhar - forlámhachas.
A: Probably the phrase I say the most is ‘Cad atá ar siül agat?’ which means ‘What are you doing?’. I use it many times a day with my children and with different tones it can encompass all forms of parenting, from gentle to unhinged-just put your shoes on-authoritarian.